Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

An méid is ceart agus nach ceart a dhéanamh maidir le trialacha EPSO

Cuireadh an treoir seo a leanas le chéile maidir leis an méid is ceart agus nach ceart a dhéanamh chun d’aird a dhíriú ar roinnt príomhghnéithe den timpeallacht nua tástála, agus chun a chinntiú gur féidir le hiarrthóirí eispéireas dearfach a bheith acu agus iad ag tabhairt faoi na trialacha.

Ní chuirtear an méid atá sa treoir seo, na moltaí san áireamh, in ionad an fhógra comórtais ar aon bhealach ná in ionad na dtreoracha a chuireann EPSO agus soláthraí na dtrialacha ar fáil d’iarrthóirí roimh na seisiúin trialacha agus lena linn. Ba cheart d’iarrthóirí na doiciméid sin a léamh go cúramach i gcónaí, agus na treoracha agus an t-eolas atá iontu a leanúint.

Déan cinnte de go bhfuil do threalamh réidh!

  • Bain úsáid as ríomhaire ar a bhfuil Microsoft Windows 10 nó Apple OS X 10.5, ar a laghad.
  • Déan cinnte de go bhfuil 4 GB RAM ar a laghad agat (moltar 8 GB a bheith agat) agus 2 GB spás diosca saor.
  • Úsáid scáileán amháin; ní cheadaítear an dara scáileán a úsáid.

 

  Úsáid ríomhaire príobháideach.

  • Déan cinnte de go n-úsáideann tú ríomhaire príobháideach chun na trialacha a dhéanamh.
  • Ní mór duit ‘cearta riarthóra’, mar a thugtar orthu, a bheith agat ar do ríomhaire chun an feidhmchlár tástála a shuiteáil, agus aon rud a d’fhéadfadh cosc a chur ort an feidhmchlár tástála a úsáid, cuir i gcás balla dóiteáin, a dhíshuiteáil. De ghnáth ní féidir an méid sin a dhéanamh ar ríomhairí corparáideacha.
  • Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin méid sin ar: Cén fáth nach féidir liom mo ríomhaire corparáideach a úsáid le haghaidh trialacha roghnúcháin ar líne EPSO? 

 

Déan seiceáil ar na riachtanais teicniúla faoi dhó i gcónaí.

  • Íoslódáil agus suiteáil an leagan is déanaí den fheidhmchlár TestWe tríd an nasc a thugtar sa ríomhphost a gheobhaidh tú ón soláthraí trialach.
  • Déan an tseiceáil réamhriachtanais theicniúil éigeantach go luath, roimh an spriocdháta, trí úsáid a bhaint as an ríomhaire céanna, an líonra céanna agus an suíomh céanna atá beartaithe agat a úsáid lá do thrialach. Cinnteoidh an méid sin go mbeidh an t-eispéireas is fearr is féidir agat.
  • Díchumasaigh aon bhalla dóiteáin nó bogearra frithvíreas fad a bheidh tú ag déanamh na trialach.
  • Is féidir leat tuilleadh eolais a léamh faoi na riachtanais TF agus theicniúla ar ár leathanach tiomnaithe:

 

Deimhnigh do cheangal idirlín.

  • Déan cinnte de go bhfuil ceangal idirlín cobhsaí agat agus tú ag logáil isteach, nuair a dhéanfar an liosta scrúdaithe a shioncrónú, agus nuair a chuirfidh tú do thriail isteach.
  • Logáil isteach san fheidhmchlár TestWe 5 lá roimh do thriail chun do liosta scrúdaithe a shioncrónú.

 

Ullmhaigh do dhoiciméad aitheantais.

  • Bain úsáid as aitheantas bailí ar a bhfuil d’ainm agus grianghraf díot ar an taobh céanna de. Mura bhfuil an cineál sin aitheantais agat, uaslódáil cóip scanta den dá thaobh de do dhoiciméad aitheantais chuig do chuntas EPSO.
  • Déan cinnte de gur féidir d’aitheantas a léamh go soiléir le linn an phróisis seiceáil isteach.

 

Déan machnamh ar leagan amach do thimpeallachta.

  • Déan an triail i seomra ciúin ina bhfuil solas maith.
  • Ní cheadaítear ach do ríomhaire, luchtaire, luchóg sreangaithe, méarchlár sreangaithe, ceap luchóige agus d’aitheantas a bheith agat ar do dheasc.
  • Ceadaítear uisce i gcoimeádán trédhearcach agus ciarsúir pháipéir a bheith agat.

 

Seiceáil an bhfuil do threalamh ag obair i gceart!

  • Déan cinnte de go bhfuil do cheamara gréasáin agus do mhicreafón ag obair agus go mbeidh siad ar siúl ar feadh na trialach.
  • Bain úsáid as forimeallaigh sreangaithe i gcónaí. Ní cheadaítear gléasanna gan sreang ná gléasanna Bluetooth.

 

Cuir eolas ar an ardán.

  • Léigh Treoir Úsáideora TestWe agus déan cleachtadh ar nascleanúint a dhéanamh ar an triail sa rannán ‘Oiliúint’ den fheidhmchlár. (Ar fáil d’iarrthóirí amháin)

 

Cloígh leis na rialacha tástála.

  • Bíodh an ceamara dírithe ort féin i rith an ama agus ná bog ar shiúl ón ríomhaire le linn na trialach.
  • Lean na treoracha uile ar an scáileán agus Treoir Úsáideora TestWe ionas nach ndéanfaí do thriail a neamhbhailíochtú.

 

Tosaigh in am!

  • Logáil isteach ag an am sceidealaithe i do chuireadh chun an fíorú céannachta agus timpeallachta a chur i gcrích.

 

Déan fadhbanna a thuairisciú go pras.

  • Má thagann fadhbanna teicniúla chun cinn, lean an nós imeachta atosaithe agus déan teagmháil le rannóg tacaíochta TestWe láithreach.
  • Sábháil uimhir thacaíochta Dheasc Chabhrach TestWe ar do ghuthán roimh ré:

+32 2 586 07 32 (an Bheilg)

+33 1 76 41 14 88 (an Fhrainc)

Is ceart na bealaí oifigiúla a úsáid i gcónaí chun teagmháil a dhéanamh le EPSO.

The ‘don’ts’ listed below aim to ensure the integrity and reliability of your test results. We remind you that your testing experience is being recorded even if you are offline and unauthorised behaviour may lead to follow-up actions.
 

 Do not use incompatible systems.

  • The TestWe application (app) will not work with Windows 10 S, ARM architecture Windows, virtual machines, or corporate computers.
     

 Do not use unauthorised equipment.

Do not skip the prerequisite technical check.

  • Failing to complete the technical prerequisite technical check may result in technical problems during the test.
  • You may not be given the opportunity to retest if you fail to complete the prerequisite technical check.
     

Do not allow distractions.

  • Ensure no other person is in the room and avoid interruptions during the test.
     

Do not use restricted items.

  • Using any books, notes, writing material, physical calculators or additional electronic devices is not allowed.
     

Do not move or disappear from view.

  • Always remain in view of the webcam; avoid covering your face, turning away from the screen, or moving out of frame.
  • Reading questions out loud is not authorised.
     

Do not ignore instructions.

  • Follow all instructions for ID checks, environment setup, and test navigation to prevent disqualification.
     

Do not attempt to cheat.

  • Most people don’t, but we prefer to say it here explicitly: any form of misconduct, such as using unauthorised aids or communicating with others, may lead to disqualification.
OSZAR »